Jump to content

Tuismitheoir aonair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
"Máthair agus leanbh", le Christian Krohg, l883

Is féidir go bhfuil duine a bheith ina thuismitheoir aonair mar gheall ar chúinsí éagsúla. B'fhéidir go bhfuil rogha lántoiliúil ann. Nó Is féidir teaghlach aontuismitheora (nó teaghlach aontuiste)[1] a bheith mar thoradh ar scaradh, ar cholscaradh nó ar chliseadh caidrimh neamhphósta srl.[2]

Tuismitheoir agus a chlann

Tháinig athrú ó bhonn ar struchtúr an teaghlaigh in Éirinn le linn 1975-2025; dá chomhartha sin, ní thagann teaghlach amháin as gach triúr in Éirinn sa bhliain 2025 leis an chineál teaghlaigh a bhíodh ann tráth.

As an 218,817 teaghlach aontuismitheora a taifeadadh i nDaonáireamh 2016, bhí máithreacha aonair i bhfeighil ar an bhformhór díobh (189,112). Bhí páiste amháin i mbeagán le cois leath de theaghlaigh aontuismitheora (125,840). Go hiondúil, bhí athraitheacha aonair i bhfad ní ba shine, le 68% díobh in aois 50 bliain nó os a cionn, i gcomparáid le 38.3% de mháithreacha aonair.

Bhí faoi bhun leath de thuismitheoirí sa chineál seo teaghlaigh i mbun oibre (47.8%), é sin i gcomparáide le sciar 70.2% de thuismitheoirí i dteaghlaigh dáthuismitheora.[3]

Tá costas maireachtála ina fhadhb mhór ag an-chuid daoine in Éirinn. Agus léiríonn figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh go bhfuil an scéal seo níos measa do dhreamanna áirithe, tuismitheoirí aonair ina measc. In 2024, bhí beagnach leath (46.3%) de na teaghlaigh aontuismitheora ar fad ag maireachtáil i ndíothacht dá n-ainneoin, ráta atá beagnach trí huaire níos mó ná mar atá sé do theaghlaigh dhá thuismitheora.[4] Deirtear gurb é an costas atá ar thithíocht agus ar chúram leanaí chomh maith leis an ioncam íseal atá ag daoine an t-údar atá leis seo.[5]

Tá réimse sochair agus teidlíochtaí ar fáil do thuismitheoirí aonair chomh maith le heagraíochtaí a chuireann tacaíocht ar fáil. Mar shampla, is íocaíocht d’fhir agus do mhná atá ag tógáil leanaí gan tacaíocht ó pháirtí atá san Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora.[6] Tá raon sochar agus teidlíochtaí a bhféadfadh tú a bheith i dteideal a fháil, ag brath ar do dhálaí. [7]

Má labhraíonn an tuismitheoir aonair Gaeilge an t-am ar fad leis an bpáiste agus ligean dó Béarla a shealbhú ón bhfeighlí nó ó ghaolta agus ó chairde, níl aon chúis nach bhfásfadh sé suas leis an dá theanga. Is féidir iarraidh ar ghaolta agus ar chairde Gaeilge a labhairt leis an bpáiste freisin. Cabhróidh sé seo leis an bpáiste a thuiscint gur gnáth-mheán cumarsáide í an Ghaeilge. D’fhéadfadh an cumann Comhluadar tuistí a chur i dteagmháil le tuismitheoirí aonair eile a bhfuil an Ghaeilge mar theanga bhaile acu.[8]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • An Teach Seo Againne. Clár RTÉ (2020). Sa tsraith ar leith ceithre chlár seo cuireann an lucht féachana aithne ar cheithre theaghlach aontuismitheora agus comhthuismitheora ar fud na hÉireann agus ar an saol atá acu.[9]
  1. i mBéarla, a single-parent family
  2. Citizensinformation.ie. "Cliseadh pósta nó caidrimh" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2025-03-24.
  3. CSO - Central Statistics Office. "Preasráiteas: Daonáireamh 2016 Próifíl 4 - Líonta Tí agus Teaghlaigh" (en). www.cso.ie. Dáta rochtana: 2025-03-24.
  4. Eoin Ó Murchú / An Páipéar (2025-03-21). "Tuismitheoirí aonair ag dul i bhfiacha" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-03-24.
  5. Nuacht RTÉ (2019-03-05). "Líon tuismitheoirí aonair atá ag obair ach atá bocht ardaithe" (as ga-IE). 
  6. Citizensinformation.ie. "Bileog Oibre: Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora agus ioncam ón obair" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2025-03-24.
  7. Citizensinformation.ie. "Tuismitheoireacht i d'aonar" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2025-03-24.
  8. Comhluadar (2025). "Ag tógaíl clainne le Gaeilge :Treoirleabhar do thuismitheoirí". mummypages.ie. Dáta rochtana: 2025.
  9. Below the Radar TV (2020-11-04). "Documentary series, An Teach Seo Againne, airs on RTÉ1 on family structures" (en). Northern Ireland Screen. Dáta rochtana: 2025-03-24.