An Meitheamh
<< Meitheamh >> | ||||||
Lu | Má | Cé | Dé | Ao | Sa | Do |
1 | ||||||
2 | 3 | 4 | 5 | 6 | 7 | 8 |
9 | 10 | 11 | 12 | 13 | 14 | 15 |
16 | 17 | 18 | 19 | 20 | 21 | 22 |
23 | 24 | 25 | 26 | 27 | 28 | 29 |
30 | ||||||
2025 | ||||||
Laethanta na bliana go léir |

Is é an Meitheamh nó Mí an Mheithimh an séú mí den bhliain.
De réir fhéilire na hÉireann, is é Meitheamh mí lár an tsamhraidh.[1] Is iad na míonna is grianmhaire ná Bealtaine agus Meitheamh.[2] Le linn na míonna seo, is é an mheántréimhse ghréine in aghaidh an lae ná idir 5 agus 6.5 uair i bhformhór na tíre.
I dtíortha eile, tosaíonn an samhradh ar an gcéad lá de mhí an Mheithimh agus leanann ar aghaidh go dtí deireadh mhí Lúnasa. Dar le Met Éireann, is sa samhradh a bhíonn na trí mhí is teo den bhliain.[3] In Éirinn fiú, is iad Meitheamh, Iúil agus Lúnasa na míonna sin (ach bíonn níos mó báistí i mí Lúnasa go hiondúil).
Is é Mí an Mheithimh Mí an Bhróid.
Bíonn Comórtas Peile Gaeltachta ar siúl ag an deireadh seachtaine saoire bainc i Mí an Mheithimh de ghnáth. Bíonn Féile na Gealaí ar siúl sa mhí chéanna freisin.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Donnla Uí Bhraonáin (2013). "Leabhar Laethanta". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-11. Dáta rochtana: 2020-06-01.
- ↑ "Grian - Met Éireann - Seirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta na hÉireann" (en). www.met.ie. Dáta rochtana: 2020-06-01.
- ↑ met.ie. "Fíricí Suimiúla". Dáta rochtana: 2020.