Jump to content

Roderick MacKinnon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bithcheimicí a saolaíodh i mBurlington, Massachusetts, ar 19 Feabhra 1956 is ea Roderick MacKinnon. I 2003 bhuaigh sé Duais Nobel sa cheimic le Peter Agre as a shaothar taighde ar chillscannáin, agus na cainéil iontu i gcomhair iompar na n-ian tríothu a léiriú don chéad uair.